Gramadóirí Gaeilge: an chéad ghlúin eile
Date:
Achoimre: Chruthaigh mé seiceálaí gramadaí darb ainm An Gramadóir níos mó ná fiche bliain ó shin. Cur chuige thar a bheith simplí a bhí ann — clibeálaí ranna cainte in éineacht le cúpla míle riail ghramadaí a scríobhtar le sloinn rialta. Tá sé éifeachtach mar uirlis do bhunfhoghlaimeoirí agus fiú do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu mar “litreoir comhthéacs-íogair” (*an bean, *léine gorm, srl.) Mar sin féin, toisc nach dtuigeann an Gramadóir comhréir na Gaeilge ag leibhéal níos airde ná ranna cainte, níl sé in ann botúin níos casta a aimsiú.
Ar ndóigh, tá uirlisí próiseála teanga i bhfad níos cumhachtaí ar fáil sa lá atá inniu ann — ollsamhlacha teanga, parsálaithe comhréire, agus corpais den chéad scoth a éascaíonn cur chuige bunaithe ar shonraí teanga. Pléifidh mé an chéad ghlúin eile den Ghramadóir a bhaineann úsáid as na teicneolaíochtaí seo go léir, agus dhá dhúshlán mhóra a thagann chun cinn san obair seo: (1) an difríocht idir rialacha a fhaightear sna leabhair ghramadaí nó sa Chaighdeán Oifigiúil agus na nósanna scríbhneoireachta a leanann pobal na Gaeilge sa Chorpas Náisiúnta, mar shampla; agus (2) deacrachtaí a bhaineann le haon chur chuige corpasbhunaithe nach ndéanann tagairt go díreach do rialacha ar leith sa Chaighdeán nó i bhfoinsí eile.
- Slides: gramadoirnua.pdf
